An bhliain seo, don chéad uair, bhí Sraith Peile againn i Scoil Naomh Iosaf. Bhí an-suim sa sraith agus chláraigh níos mó ná caoga cailíní le haghaidh imirt. Chun feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge shocraigh muid an sraith a imirt trí Ghaeilge.
Bhí ocht bhfoireann againn roinnte i dhá grúpa agus imríodh na babhtaí gach Aoine. Ar dtús bhí na cailíní neirbhíseach faoi úsáid na Ghaeilge ach d’eirigh said níos fearr gach seachtain agus bhí sé iontach a fheiceáil go raibh a muinín ag fás. Thaitin sé go mór linn ár Ghaeilge agus ár bpeil a gceangailt.
Bhí cailíní ó Rang 3 go dtí Rang 6 páirteach agus d’imir said peil den scoth agus bhí an spórt again gach seachtain.
Bhí na cluichí cheannais ar siúl ar an Aoine sa chaite, 13ú Feabhra. Bhí páráid na bhfoireann againn le píobaire roimh na gcluichí agus chanamar Amhrán na bhFiann. Táimid an bhuíoch do Joe Barry as ucht an gceol a sheinm dúinn.
Roinn 4 – Corcaigh v Dún nan Gall – bhí an bua ag foireann Corcaigh!
Roinn 3 – Ciarraí v Gaillimh- bhí an bua ag foireann na Gaillimhe.
Roinn 2 – Tiobraid Árann v Ard Mhaca- bhí an bua ag Tiobráid Árann
Roinn 1 – Maigh Eo v Baile Átha Cliath- bhí sár chluiche ar siúl ach ag deireadh, bhí an bua ag foireann Maigh Eo. Is í Bridie McInerney an captaein agus d’ardaigh sí an Corn ar son a foireann.
Gan dabht, bhí ócáid iontach ag gach duine. Fuair gach imreoir boinn airgid nó ór agus mar a bhí ráite, bhí corn álainn le haghaidh buateoirí Roinn 1.




















